Lá Idirnáisiúnta na Matamaitice
An Bhfuil Súile Mata Agat?

Eolas faoin gComórtas
Chuir Súile Mata, i gcomhpháirtíocht le COGG agus “Lá Idirnáisiúnta na Matamaitice”, comórtas le chéile chun gach scoil ar fud na hÉireann a spreagadh chun sluán i nGaeilge a chumadh d’íomhá Súile Mata. Dúnfar na hiontrálacha ag meánoíche ar 17 Aibreán 2026.
Tá sé chatagóir sa chomórtas
- Catagóir 1 – Naíonáin Bheaga agus Mhóra
- Catagóir 2 – Rang a hAon agus a Dó
- Catagóir 3 – Daltaí Rang a Trí agus a Ceathair
- Catagóir 4 – Daltaí Rang a Cúig agus a Sé
- Catagóir 5 – Bliain 1 – Bliain 3 (iar-bhunscoil)
- Catagóir 6 – Bliain 4 – Bliain 6 (iar-bhunscoil)
Chuir COGG urraíocht ar fáil do dhearbhán ar luach €100 do bhuaiteoir gach catagóire.
Treoirlínte an chomórtais:
- Chun cur isteach ar an gcomórtas seo, ní mór duit a bheith i do dhalta i mbunscoil ar oileán na hÉireann.
- Is gá do shluán a chur isteach i nGaeilge.
- Is féidir leat níos mó ná iontráil amháin a dhéanamh do gach póstaer.
- Is féidir leat iontráil a chur isteach do níos mó na póstaer amháin.
- Dúnfar na hiontrálacha ag meánoíche ar 17 Aibreán 2026.
- Fógrófar na buaiteoirí ar 24 Aibreán 2026.
- Freagraí ar cheisteanna agus tuilleadh eolais ar fáil [email protected]
